Clár na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta 2026 Seolta ag Comhairle Contae Chill Dara
Breis agus 100 imeacht ar siúl ar fud Chontae Chill Dara ón Satharn, 15 Lúnasa go dtí an Domhnach, 23 Lúnasa
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Chill Dara an clár don tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta 2026, ar siúl ón Satharn, 15 go dtí an Domhnach, 23 Lúnasa a fhógairt.
Tarraingíonn téama na bliana seo “An Oidhreacht i mBaol” aird ar an tábhacht a bhaineann leis na háiteanna, na traidisiúin, an t-eolas agus na scileanna a cuireadh ar aghaidh fríd na glúnta, agus a bhfuil tionchar go fóill acu ar ár gcuid pobal sa lá atá inniu ann, a chosaint.
Cuireann an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, atá ar an bhfód le 21 bliain anuas, rud éigin ar fáil do chách, le breis agus 100 imeacht ar siúl ar fud Chontae Chill Dara. Áirítear siúlóidí treoraithe, ceardlanna, cainteanna, laethanta oscailte, taispeántais agus gníomhaíochtaí atá fóirsteanach do theaghlaigh sa chlár.
Léireoidh go leor imeachtaí an obair atá ar siúl chun foirgnimh a bhfuil tábhacht stairiúil acu a chosaint agus a chaomhnú, agus díreoidh cuid imeachtaí eile ar chaomhnú na ceardaíochta traidisiúnta, scéalta áitiúla, socrúchán, oidhreachta náisiúnta agus nósanna cultúrtha. Le chéile, cuireann siad deis ar fáil chun iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh ar féidir linn uilig oidhreacht Chill Dara a choinneáil mar chuid thábhachtach agus bhríomhar dár bhféiniúlacht.
I measc bhuaicphointí na féile i mbliana, tá:
- Lá Oscailte ag Lóistí Gheata Bhaile an Chaisleáin, Cill Droichid - Dé Domhnaigh, 16 Lúnasa.
- Scéal Míleata an Churraigh, Músaem Míleata an Churraigh - ar siúl i rith na seachtaine
- Siúlóid na Snáthaide Móire & na Béchuile, Ionad Dúlra Mhóin Alúine - Dé Luain, 17 Lúnasa.
- I gcuimhne Dhíshealbhuithe Chluain Guaire, Ionad Pobal Chluain Guaire - Dé Máirt, 18 Lúnasa.
- Ceardlann ar Logainmneacha Áitiúla Chill Dara, Teach Diarmada, Díseart Diarmada - Dé Céadaoin, 19 Lúnasa.
- Túr Alúine, Cnoc Alúine - ar siúl i rith na seachtaine
- Ceardlann Siogairlíní Cré Oghaim do pháistí, Leabharlann Bhaile Átha Í - Déardaoin, 20 Lúnasa
- Scéal an Churraigh- clostreoir saor in aisce ar fáil i rith na seachtaine ag: https://www.abartaheritage.ie/the-story-of-the-curragh-of-kildare-audiobook/
Chuir Leas-Chathaoirleach Chontae Chill Dara, an Comhairleoir Tracey O’Dwyer fáilte roimh an gclár, agus dúirt: “Is tráthúil an meabhrúchán é an téama “An Oidhreacht i mBaol” faoi cé chomh leochaileach agus atá cuid dár n-oidhreacht- bíodh sé gur seanfhoirgneamh stairiúil nó ceird áitiúil atá i gceist, is féidir contúirt a bheith ann go gcaillfear go deo iad. Ligeann an tSeachtain Oidhreachta do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí áitiúla a gcuid tionscadal oidhreachta féin agus na hiarrachtaí iontacha a rinneadh i rith na bliana ar son chosaint ár n-oidhreachta coitinne a chur os comhair an phobail. Ba mhaith liom rath a ghuí ar gach duine i Seachtain Oidhreachta na bliana seo agus gach duine a spreagadh le dul amach agus sult a bhaint as oidhreacht shaibhir Chill Dara.”
Dúirt Dara Wyer, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Chill Dara: “Is deis dúinn uilig í Seachtain na hOidhreachta le dul chuig cuid de na himeachtaí, a bhfuil breis agus 100 acu ann, atá eagraithe ag grúpaí pobail, úinéirí réadmhaoine oidhreachta, agus daoine eile leis an oidhreacht áitiúil a léiriú agus a mhíniú agus leis an bhflúirse d’oidhreacht an-spéisiúil sa chontae a thaiscéaladh. Is deis iontach í an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta chun aird a tharraingt, ní hamháin ar ár gcuid oidhreachta, ach ar obair na gcéadta oibrí deonach as Cill Dara a thugann a gcuid ama agus a gcuid eolais chun í a chaomhnú agus a chur chun cinn”.
Is deis iontach í an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta chun aird a tharraingt, ní hamháin ar ár gcuid oidhreachta, ach ar obair na gcéadta oibrí deonach as Cill Dara a thugann a gcuid ama agus a gcuid eolais chun í a chaomhnú agus a chur chun cinn”.
Tá an chuid is mó de na himeachtaí saor in aisce, ach moltar áirithint a dhéanamh roimh ré. Is féidir go mbeidh cuid de na himeachtaí ag brath ar an aimsir agus ar siúl ar thalamh neamhchothrom, agus moltar éadaí agus bróga oiriúnacha dá bharr sin.
Le haghaidh na sonraí ar fad agus eolas áirithinte, tá cóipeanna de chlár na n-imeachtaí ar fáil ó leabharlanna, oifigí na Comhairle agus siopaí leabhar áirithe. Is féidir clár na n-imeachtaí a fheiceáil freisin ag:
https://kildarecoco.ie/AllServices/Heritage/CommunityHeritage-GetinvolvedinHeritage/HeritageWeek/
Tá an tionscnamh seo comhordaithe ag an gComhairle Oidhreachta agus ag Oifigigh Oidhreachta an Údaráis Áitiúil chun tuiscint agus feasacht níos fearr ar ár n-oidhreacht áitiúil féin a chothú.











