skip to main content
  • 045 980200
  • Head Office: Áras Chill Dara Devoy Park Naas Co Kildare W91 X77F

Cúrsaí Gaeilge

Raiteas Príobháideachais

Go raibh maith agat as ucht cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin Chomhairle Condae Chill Dara.

Ráiteas Príobháideachais

Ní bhailímid eolas pearsanta fút nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo ach amháin má roghnaíonn tú é a chur ar fáil dúinn chun  leas a bhaint as seirbhís ar leith, mar shampla foirm ar líne a chomhlánú. Níl cuirtear aon eolas a sholáthraíonn tú ar an mbealach seo ar fáil d'aon tríú páirtí agus úsáideann Comhairle Condae Chill Dara é i gcomhréir leis an gcuspóir lenar thug tú é amháin.

Eolas a bhailítear go huathoibríoch

Bailítear agus coimeádtar roinnt eolais go huathoibríoch nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh. Ní aithnítear go pearsanta thú ón eolas seo, ach úsáideann Comhairle Condae Chill Dara é chun an láithreán gréasáin a chothú agus a fheabhsú  ar bhonn  leanúnach. I measc an eolas a bhailítear tá:

  • An Fearann ​​Idirlín agus seoladh IP óna bhfaigheann tú rochtain ar an láithreán
  • An cineál brabhsálaí agus córas oibriúcháin a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an láithreán
  • Dáta agus am na cuairte
  • Na leathanaigh go dtugann tú cuairt orthu
  • Má bhaineann tú láithreán gréasáin Chomhairle Condae Chill Dara amach ó shuíomh gréasáin eile, seoladh an tsuímh gréasáin sin, agus seoladh  aon suíomh gréasáin go dtugann tú cuairt go díreach air ó shuíomh gréasáin Chomhairle Condae Chill Dara.
  • Bailítear eolas freisin ar an líon uaireanta a úsáidtear téarmaí cuardaigh ar leith agus ar líon na gcuardach a theip. Bainimid úsáid as an t-eolas seo chun feabhas a chur ar rochtain an suímh agus chun bearnaí ar an ábhar  a aitthint,  ionas gur féidir linn leathnú an chórais a phleanáil go cuí.

Eolas Pearsanta

Má roghnaíonn tú eolas pearsanta a chur chugainn, mar shampla tríd an bhfoirm ríomh-phost "Déan Teagmháil Linn", úsáídfear an t-eolas seo  chun freagra a thabhairt ar d'fhiosrú,  agus ní thabharfar  do chuid sonraí do ghníomhaireacht eile ach amháin má tá sé riachtanach de réir dlí, nó sa chás go mbaineann an gníomhaireacht sin le d'fhiosrúchán. Ní bhailímid eolas pearsanta le haghaidh cuspóirí tráchtála.

Íocaíochtaí Ar Líne

Ní choimeádtar uimhir do chárta creidmheasa nó Laser. Aistrítear sonraí cárta creidmheasa nó dochair go díreach ó do ríomhaire chuig freastalaí ár gcomhpháirtithe seirbhísí cárta, thar nasc slán criptithe. Is iad Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil (BSRRÁ) agus Realex ár gcomhpháirtithe seirbhísí cárta.

Slándáil

Leanamaid gnáth-caighdeáin tionsclaíóchta chun an t-eolas pearsanta a tugtar dúinn a chosaint, le linn a tharchur agus nuair a faightear é. Níl aon modh tarchuir ar an idirlíon, nó modh leictreonach stórála, atá 100% slán, áfach. Dá bhrí sin, cé go déanaimid ár ndícheall chun úsáid a bhaint as modhanna inghlactha ó thaobh na tráchtála chun d’eolas pearsanta a chosaint , ní féidir linn a slándála iomlán.a chinntiú.

Fianáin

Is ionann é "fianán" agus píosa beag eolais a  seoltar chuig úsáideora bhrabhsálaí ó fhreastalaí gréasáin, agus é stórálta ar ríomhaire úsáideora, a úsáidtear chun eolas faoin úsáideoir a stóráil agus a rianú. Bailímid eolas le fianáin de chuid Google Analytics. Níl ainm ceangailte leis an eolas,  agus níl d'ainm, seoladh, uimhir gutháin, nó seoladh ríomh-phoist ann. Ní féidir linn tú a  aithint go pearsanta

Google Analytics

Úsáideann an láithreán gréasáin seo Google Analytics, seirbhís anailíosochta ó Google Inc. ("Google"). Baineann Google Analytics úsáid as "fianáin", comhaid téacs a chuirtear ar do ríomhaire, chun cuidiú leis an láithreán gréasáin anailís a dhéanamh ar conas a úsáideann úsáideoirí an tsuíomh. Déanfar an fhaisnéis a ghineann an fianán faoin úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) a tharchur chuig agus a stóráil ag Google ar freastalaithe sna Stáit Aontaithe. Úsáídfidh Google an t-eolas seo chun meastóireacht a dhéanamh ar úsáid an láithreán gréasáin agat, tuarascálacha a thiomsú ar ghníomhaíocht láithreán gréasáin le haghaidh oibreoirí láithreán gréasáin, agus chun seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíocht láithreán gréasáin agus úsáid an Idirlín a chur ar fáil. Is féidir le Google freisin an t-eolas  seo a thabhairt do tríú páirtithe nuair is gá é sin a dhéanamh de réir dlí, nó i gcás go ndéanann an tríú páirtithe an t-eolas a phróiséal thar ceann Google. Ní dhéanfaidh Google ceangal idir do sheoladh IP agus aon eolas eile atá ag Google. Is féidir leat úsáid a bhaint as fianáin a dhiúltú tré na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí; tabhair faoi deara, áfach, má dhéanann tú é sin, nach féidir leat a bheith in ann úsáid a bhaint as feidhmiúlacht iomlán an suímh gréasáin seo. Agus úsáid á bhaint agat as an láithreán gréasáin seo, tá tú  ag toiliú le sonraí fút féin a phróiseáil  ag Google, ar an modh agus chun na gcríoch atá leagtha amach thuas.

Naisc le suímh eile

Nascann suíomh gréasáin Comhairle Condae Chill Dara thú le mórán láithreáin ghréasáin eile. Níl aon smacht againn ar ábhar, polasaithe slándála nó polasaithe príobháideachais na suíomh seo.

An Coimisinéir Cosanta Sonraí

Tá tuilleadh eolais faoi do chearta maidir le príobháideachas sonraí ar fáil ar láithreán gréasáin an Coimisinéir Cosanta Sonraí - ag www.dataprivacy.ie

Tuilleadh Eolais:

Comhairle Chontae Chill Dara
Príomh Oifig
Áras Chill Dara
Páirc Uí Dhubhuí
An Nás
Co Chill Dara
Guthán 00 353 45 980200
Ríomh-phost: customercare@kildarecoco.ie

Cóipcheart 

Tá an ábhar ar an suíomh seo faoi chosaint cóipchirt. Is le Comhairle Condae Chill Dara an cópicheart.  Ní ceadaítear duit athruithe nó breiseanna a dhéanamh ar an ábhar ar an láithreán. Ceadaítear ábhar a íoslódáil nó a chóipeáil le haghaidh úsáide pearsanta. Tá aitheantas cuí d'úinéir an chóipchirt ag teastáil má ath-foilsítear ábhar i bhformáid ar bith. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le customercare@kildarecoco.ie